Fáilte go Scríobh Leabhar
Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann,
samplaí de na leabhair a scríobhadh faoin tionscadal Scríobh Leabhar 2019 a chrochadh anseo.
Fuair os cionn 7,000 dalta bunscoile ar fud na tíre deis a bheith ina n-údair mar pháirt den tionscadal.
Tá sé mar aidhm ag an gclár bliantúil údair óga Gaeilge a spreagadh chun pinn.
Sa scoilbhliain 2018/2019, bhí 10 n-ionad oideachais agus An tÁisaonad páirteach
Gabhaimid buíochas le stiúrthóirí agus foirne na n-ionad seo a leanas, a chur Scríobh Leabhar ar fáil
do na bunscoileanna:
-
- Ionad Oideachais an Chláir
- Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí
- Ionad Oideachais Luimnigh
- Ionad Oideachais Laoise
- Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí
- Ionad Oideachais Thrá Lí
- Ionad na Múinteoirí, Gort a’Choirce
- Ionad Oideachais Chora Droma Rúisc
- Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
- Ionad Oideachais Chill Chainnigh
- An t-Áisaonad, Béal Feirste
Comhghairdeachas le gach múinteoir agus le gach dalta a ghlac páirt sa tionscadal. Scríobhadh na mílte leabhar, ach faraor ní féidir ach rogha beag díobh a chur ar fáil anseo. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh astu.
Má tá suim ag do rang nó do scoil sa tionscadal, déan teagmháil le d’ionad oideachais áitiúil chun a fháil amach an bhfuil Scríobh Leabhar ar siúl ann i mbliana.