Fáilte go Scríobh Leabhar
Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur
chun cinn ar fud oileán na hÉireann, samplaí de na leabhair a scríobhadh sa tionscadal Scríobh Leabhar 2016 a chrochadh anseo.
Fuair os cionn 9,450 dalta bunscoile ar fud na tíre deis a bheith ina n-údair mar pháirt den tionscadal ‘Scríobh Leabhar’ de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an gclár bliantúil údair óga Ghaeilge a spreagadh chun pinn.
Sa scoilbhliain 2015/16 bhí 9 n-ionad oideachais agus An tÁisaonad páirteach sa tionscadal.
Gabhaimid buíochas le stiúrthóirí agus foirne na n-ionaid agus na n-eagraíochtaí seo a leanas, a chuir Scríobh Leabhar ar fáil do na bunscoileanna ina gceantar féin:
- Ionad Oideachais an Chláir
- Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí
- Ionad Oideachais Laoise
- Ionad Oideachais Mhaigh Eo
- Ionad Oideachais Thrá Lí
- Ionad na Múinteoirí, Gort an Choirce
- Ionad Oideachais Chora Druma Rúisc
- Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Ionad Oideachais Chill Chainnigh
> An t-Áisaonad,Béal Feirste
Comhghairdeachas le gach múinteoir agus le gach dalta a ghlac páirt sa tionscadal. Scríobhadh na mílte leabhar, ach faraor ní féidir ach rogha beag díobh a chur ar fáil anseo. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh astu..
Má tá suim ag do rang nó do scoil sa tionscadal déan teagmháil le d’ionad oideachais áitiúil chun a fháil amach an bhfuil Scríobh Leabhar ar siúl ann i mbliana.







